Eolas fúinn

Binse Achomhairc Fhostaíochta

Eagras neamhspléach é an Binse Achomhairc Fhostaíochta de thriúr a bhfuil sé de dhualgas orthu cearta an duine faoin reachtaíocht cosaint fostaíochta a chur i bhfeidhm. Éistíonn an Binse le réimse leathan conspóidí a bhaineann le cearta fostaíochta. Triúr atá ar an mBinse: Cathaoirleach (a bhfuil cáilíochtaí dlí aige/aici), agus ionadaí amháin ó phainéil a chuireann na ceardchumainn agus eagraíochtaí na bhfostóirí le chéile. Bíonn éisteachtaí déanta go poiblí agus is féidir leis na meáinchumarsáide tuairisc a thabhairt ar a tharla.

"Breith" a thugtar ar chinneadh an Bhinse ach ní gá go dleathúil glacadh leis. Sa chuid is mó cásanna is féidir le ceachtar den dá pháirtí achomharc ar an mbreith a chur ós comhair na hArdchúirte ach ar phointe dlí amháin. Tá cumhacht ag an Aire Fiontair, Trádála agus Fostaíochta freisin cás a chur ós comhair na hArdchúirte má iarann an Binse air/uirthi é sin a dhéanamh. Faoin Acht um Bhriseadh Éagórach 1977-2001 agus faoin Acht um Chosaint Fhostaithe (Máthaireachas) 1981 is féidir le ceachtar den dá pháirtí achomharc a lorg ós comhair na Cúirte Cuardaí taobh istigh de 6 sheachtain ón mbreith a bheith tugtha (níl an t-achomharc seo teoranta go pointe dlí). Muna gcuirtear achomharc ós comhair na Cúirte Cuardaí agus má theipeann ar an bhfostóir breith a chur i gcrích, is féidir leis an Aire Fiontair, Trádála agus Fostaíochta cás a thabhairt ós comhair na Cúirte Cuardaí ar son an fhostaí.